Faoi Bhláth Anois
An Biorphiobar
Persicaria hydropiper
Bithéagsúlacht na bPlandaí
Bíonn dhá chineál planda ag speiceas dé-éiciach, planda baineann agus ceann fireann. Le gur féidir leo iomadú, táirgíonn bláthanna ón bplanda fireann pailin, a aistrítear chuig an mbláth baineann a bhíonn ar an bplanda baineann. Forbraíonn an planda baineann torthaí agus síolta. I gcás plandaí moinéicieacha, bíonn bláthanna fireanna agus... Léigh Tuilleadh
Blúirín faoi Phlanda
Cé go bhfuil fuinseoga faoi léigir ag an ngalar fungais, fanfaidh rian na gcrann linn i logainmneacha na tíre. Tá lorg an chrainn le feiceáil sna focail 'fuinse', 'fuinseann', agus 'fuinseog'. Tá Doire na Fuinse i gContae Chiarraí, Abhainn na Fuinseann i gContae Chorcaí, na Fuinseoga i gContae na Mí, agus Fuinseogach i gContae Chábháin. Fágtar an ‘f’ ar lár sa tuaisceart uaireanta, mar shampla Loch Uinsinne i gContae Dhún na nGall agus Uinseannach i gContae Liatroma.
Raithneach an Lae
An Scim Chaol
Polypodium vulgare
Feamainn an Lae
An Glasán
Ulva fenestrata


















