An Chaithne — “Tá adhmad na caithne…”

Tá adhmad na caithne crua agus dlúthshnáitheach, ach briosc agus éasca le scoilteadh. Níl sé feiliúnach mar adhmad tógála, ach bhaintí úsáid as mar fhioghual, agus d’úsáidtí an choirt i gceird na súdaireachta.