An Fhuinseog — “Nuair a fhásann sí…”

Nuair a fhásann sí léi féin, déanann an fhuinseog crann mór, ard, galánta. Fásann sí go sciobtha agus tá sí in ann airde shuntasach a bhaint amach i gcoinníollacha fabhracha — ciallaíonn excelsior san ainm eolaíoch ‘ard’—agus is í go minic an crann is airde sa gceantar. Tá fuinseog i gCluain Meala, Contae Thiobraid Árann, atá 40 m ar airde agus ceaptar gurb í an crann fiáin is airde in Éirinn.