Is furasta an fhuinseog a aithint óna cuid duilleog. Bíonn siad cleiteacha—cosúil leis an gcaorthann (Sorbus aucuparia), crann a dtugtar mountain ash air i mBéarla, cé nach bhfuil gaol gar eatarthu. Tá idir 3 agus 6 phéirí duillíní ag gach duilleog, le duillín amháin ag fás amach ó dheireadh na duilleoige. Níl na duilleoga in ann ag oícheanta seaca—tagann dath dubh orthu agus maraítear iad. Is é seo ceann de na fáthanna go dtagann siad amach chomh deireanach sin sa mbliain. Ní thagann athrú suntasach ar dhathanna na fuinseoige sa bhfómhar agus is minic go mbíonn siad fós glas nuair a thiteann siad.