Is le torthaí an aitil a dhéantar an bhiotáille jin. Is ón Ísiltír a tháinig an deoch ó thús agus tagann an focal jin (gin i mBéarla) ón bhfocal Ollainais genever, a chiallaíonn aiteal. Dhéantaí mar dheoch leighis ar dtús é, mar gur ceapadh go raibh tréithe teiripeacha ag na torthaí, ach níorbh fhada gur thosaigh daoine á ól go sóisialta mar dheoch spreagthach.