An Péine Albanach — “Cé gur bheag nár…”

Cé gur bheag nár díothaíodh an péine Albanach in Éirinn faoin mbliain 1550, tháinig an crann ar ais go hÉirinn nuair a tosaíodh ag cur go leor crann andúchasacha agus na heastáit agus diméinte á mbunú. Ceaptar gur cuireadh an chéad péine a tháinig as Albain in 1652; is ag tús an 18ú haois a cuireadh luas leis an bplandáil seo. Thosaigh an péine Albanach—ach an uair seo ag úsáid síolta ó stoc na hAlban agus áiteanna eile—ag fás arís in Éirinn.