An Péine Albanach — “Ní léir go bhfuil…”

Ní léir go bhfuil mórán béaloidis faoin bpéine Albanach in Éirinn, is dóigh mar go bhfuil an oiread sin ama caite ó bhí an tír brataithe ag an gcrann. Áiríodh an péine mar cheann de na airig fedo (uaisle na coille) sa bhFéineachas, mar gheall ar chomh tábhachtach a bhí roisín an chrainn chun adhmad a chaomhnú agus chun cosaint a thabhairt do bháid.