Bhí luach ag aiteann fadó — ghearrtaí deachú eaglasta ar gharrantaí aitinn sa 16ú haois. Bhí táirgeacht gharraí aitinn (furzy pasture a thugtaí air i mBéarla) chomh luachmhar céanna le talamh arúil sa 17ú haois. Ba mhór an buntáiste é don té a raibh aiteann ag fás ar a thalamh. Is léiriú é ar shaibhreas an aitinn an nath: “An t-ór faoin aiteann, an t-airgead faoin luachra, agus an gorta faoin bhfraoch.”