Ar feadh na mílte bliain, bhí an-tóir mar acmhainn leighis ar chrainn i ngéineas na saileach, agus tá údar maith leis sin. Cé gur san airgead luachra ( Filipendula ulmaria ) a aimsíodh an t-aigéad salaicileach, frítheadh an ceimiceán céanna i sú agus i gcoirt na saileach, agus is mar gheall air seo a tugadh salicin air. Is ón gceimiceán seo a dhéantar aspairín, pianmhúchán agus druga frith-athlastach neamhstéaróideach.