Is í an bheith gheal is mó atá anois ag fás ar thalamh talmhaíochta tréigthe in oirthear na hEorpa agus sa Rúis. In ainneoin nach bhfástar bia ar an talamh níos mó, is mór an stór carbóin iad na crainn bheithe atá anois ag fás iontu. Tugtar ceapadh carbóin ar an gcaoi a shúnn crainn dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar le stóráil sa bplanda, agus is léiriú é seo ar ról tábhachtach na gcrann i ré nua an athrú aeráide.