Bhí cáil ar an gcaorthann in Éirinn mar chrann osnádúrtha le cumhachtaí a thug cosaint in aghaidh rudaí olca (deamhain, cailleacha agus a leithéid). B’fhéidir go raibh baint ag dath dearg na gcaora leis seo—ceapadh gur dath maith a bhí ann mar chosaint in aghaidh oilc.