An Chaor Chon — “Is furasta an chaor…”

Is furasta an chaor chon a aithint ó na bláthanna. Is braislí de bhláthanna bána a bhíonn ar an mbláthra. Bíonn bláthanna beaga torthúla ar an taobh istigh den bhláthcheann, agus bíonn siadsan timpeallaithe ag fáinne de bhláthanna móra neamhthorthúla. Pailníonn feithidí, go háirithe míoltóga, na bláthanna.