An Coll — “Ba mhór an tábhacht…”

Ba mhór an tábhacht a bhí le crainn choill in Éirinn, go háirithe i dtionscal na caoladóireachta. Is féidir an coll a bhunscoitheadh—na géaga a ghearradh in íochtar, gar don talamh, le go bhfásfaidh meatháin ar ais níos tréine an bhliain dár gcionn. Bíonn géaga an choill láidir, solúbtha, agus éasca le scoilteadh. Is as caolach coille—ina mbíonn na géaga fite go dlúth lena chéile—a dhéantaí sconsaí chun ainmhithe a choinneáil istigh, chomh maith le díonta agus ballaí tí. Dhéantaí ciseoga, ciseáin, agus potaí gliomaigh as géaga coille.