Is mar go mbíonn na duilleoga ag creathadh agus ag siosarnach, fiú nuair nach bhfuil san aer ach puth gaoithe, a thugtar an crann creathach air. Bíonn gais na duilleoige fada, leacaithe, agus solúbtha in aice leis an lann duille. Is í seo an chúis mheicniúil go gcreathann na duilleoga chomh héasca sa ngaoth.