Bhíodh daoine ag saothrú torthaí ó chrainn sa ngéineas Prunus roimh aon chrann torthaí eile, seachas úlla. Bhí sé amhlaidh in Éirinn. Bhíodh daoine ag ithe silíní fiáine in Éirinn ar feadh na mílte bliain – aimsíodh clocha silíní atá idir 2,500 agus 1,200 bliain d’aois ar shuíomh crannóige i gContae Uíbh Fhailí.