An Cuileann — “Tá míniú tugtha sa…”

Tá míniú tugtha sa seanchas ar thréith shíorghlas an chuilinn. Chuaigh Íosa i bhfolach i gcrann troim agus na hIúdaigh ar a thóir. D’oscail duilliúr an troim agus chonaic siad é. Theith Íosa, agus chuaigh sé faoi chrann cuilinn. Dhún na duilleoga timpeall air, chlúdaigh an crann é, agus d’éirigh leis éalú. Ó sin i leith, bíonn an trom ar an gcrann deiridh a chuireann bileoga amach san earrach agus an chéad chrann a chailleann iad sa bhfómhar. Mar chomhartha buíochais don chuileann ar an gcúnamh seo a thug sé do Mhac Dé, tá an crann beannaithe le caora dearga agus fanann sé glas i gcaitheamh na bliana.