An Draighean — “Deirtí go dtabharfadh sail…”

Deirtí go dtabharfadh sail éille (maide siúil) draighin cosaint in aghaidh an oilc. Sheachnódh na daoine maithe an duine le maide draighin ina lámh acu. Ach, cosúil le crainn dhúchasacha eile, d’fhéadfadh an draighean maitheas nó olc a dhéanamh. Cosúil leis an sceach gheal in Éirinn, níor chóir craobh draighin atá faoi bhláth a thabhairt isteach faoi dhíon an tí i Sasana.