An Fheá — “Is minic go mbreathnaíonn…”

Is minic go mbreathnaíonn an fheá níos sine ná mar atá sí i ndáiríre. Ní crann fadsaolach í, in ainneoin go bhfuil sí sa bhfine chéanna leis an dair, crann atá in ann 1,000 d’aois bliain a bhaint amach. Is iondúil nach maireann an fheá níos faide ná 150-300 bliain, agus go hiondúil timpeall 200 bliain in Éirinn.