Ba léir go raibh fuinseoga móra agus ársa níos fairsinge ná mar atá anois, ach chuile sheans nach raibh ceann ar bith acu chomh mór leis an bhfuinseog a bhí, luath san 19ú haois, 13 m timpeall an stoic agus a raibh scoil bheag istigh ann. De réir taifid i gClár na gCrann, bhí an crann imithe i 1910.