Bhíodh nasc idir fuinseoga agus toibreacha beannaithe. I staidéar amháin, chonacthas gur fuinseoga a bhí in 75 crann as 210 a d’fhás in aice le toibreacha beannaithe. Is í an sceach gheal (Crataegus monogyna) an crann ba choitianta a d’fhás in aice leo. Ní hé sin le rá gur cuireadh na crainn sin d’aon turas ag na suíomhanna sin. Is iad an fhuinseog agus an sceach gheal na crainn is coitianta sa tír agus bheifeá ag súil gurb iad a bheadh ag fás in aice le tobar beannaithe, nó sainchomhartha tíre eile.