Deirtear go minic nach ndófaidh craobhacha fuinseoga ó chrainn a fhásann in aice le tobar beannaithe. B’fhéidir go bhfuil údar praiticiúil ann leis an scéal seo a scaipfidh i measc an phobail. Is iondúil go luaitear go mbíonn baint ag an gcrann le leigheas nó le cumhachtaí an tobair, agus luíonn sé le réasún nach mbeifeá ag iarraidh go mbreathnódh daoine ar an gcrann beannaithe mar ábhar breosla.