Is furasta fuinseoga lánfhásta a aithint ó phátrún na coirte ar an stoc. Bíonn dath liathdhonn geal uirthi. Cé go bíonn sí mín i gcrainn óga, éiríonn sí scoilteánach le haois. Mar go dtéann na scoilteanna éadoimhne, ingearacha seo trasna ar a chéile, bíonn pátrún uathúil diamainte ar choirt na fuinseoige.