An Fhuinseog — “Maraon le crainn eile…”

Maraon le crainn eile a cheaptaí go raibh cumhachtaí ag baint leo, d’úsáid daoine fuinseoga chun iad a chosaint freisin. Dhóití adhmad na fuinseoige chun an ruaig a chur ar an diabhal, agus ba chosaint í slat fuinseoige in aghaidh oilc.