Tá bagairt eiseach roimh an bhfuinseog in Éirinn. Tá an crann liostáilte mar speiceas faoi bhagairt ar liosta dearg atá ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN), go príomha mar gheall ar an bhfungas Hymenoscyphus fraxineus, ar cúis leis an ngalar ar a dtugtar críonadh siar na fuinseoige. Fásann an fungas istigh sa gcrann agus cuireann sé as do chóras uisce agus cothaithigh an chrainn. Éiríonn crainn atá thíos leis an ngalar feoite. Maraítear crainn óga laistigh de bhliain; maireann crainn níos sine ar feadh roinnt blianta eile.