An Fhuinseog — “Thar aon chrann eile…”

Thar aon chrann eile in Éirinn, tá gnéasacht na fuinseoige casta. Is iondúil go mbíonn sí dé-éiciach—sé sin bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar chrainn dhifriúla. Ach uaireanta bíonn fuinseoga moinéiciach—bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar chraobhanna difriúla den chrann céanna. Agus uaireanta bíonn bláthanna heirmeafraidíteacha ar fhuinseoga freisin—bíonn codanna baineanna agus fireanna ar an mbláth céanna. Is ar an údar seo go dtugtar crann polagamach nó tré-éiciach uirthi.