An Fionncholl Coiteann — “Tá os cionn 200…”

Tá os cionn 200 speiceas aitheanta sa ngéineas Sorbus. Tá an oiread sin ann toisc go bhfuil na plandaí sa ngéineas in ann hibridiú go héasca lena chéile, agus mar go bhfuil cineálacha dioplóideacha (le dhá shraith crómasóm sna cealla, ceann ón dá thuismitheoir) agus polaplóideacha (le níos mó ná dhá shraith crómasóm sna cealla) sa ngéineas. Ciallaíonn sé seo go bhfuil speictream leathan de chineálacha Sorbus ag fás ar fud an domhain, le difríochtaí beaga agus móra eatarthu, agus a bhíonn aitheanta mar speicis dhifriúla ag luibheolaithe éagsúla.