An Fionncholl Gaelach — “Tá fianaise ann go…”

Tá fianaise ann go raibh adhmad an fhionnchoill in úsáid mar bhreosla tine os cionn 4,000 bliain ó shin. Ach ní léir go bhfuil mórán béaloidis faoin gcrann in Éirinn, b’fhéidir mar nach raibh sé ariamh chomh fairsing sin. Níl ainm an chrainn coitianta i measc logainmneacha na tíre ach an oiread. Áiríodh an crann i measc na fodla fedo, an aicme crann is ísle, rud a léiríonn go mb’fhéidir nach raibh luach an-ard ag an gcrann i measc phobal na tíre.