Bíonn boladh láidir uaidh duilleoga ón meas torc allta nuair a bhrúitear iad. Deirtear gur boladh muice é agus gur uaidh seo a tháinig ainm Gaeilge an phlanda. Deirtear freisin go bhfuil boladh na nduilleog cosúil le ambergris (substaint luachmhar a thagann ón gcaisealóid, speiceas de mhíol mór). Mar gheall air seo, uaireanta glaoitear sweet-amber ar an bplanda.