An Péine Albanach — “Cé go raibh tír…”

Cé go raibh tír clúdaithe leis an bpéine Albanach ó dheireadh na hoighearaoise, bhí sé deacair ag an crann dul in iomaíocht le fearnóga agus crainn choill nuair a scaip siadsan. Anuas air seo, d’éirí an aeráid níos fliche, rud nár fheil don chrann. Ansin gearradh iad chun talamh a ghlanadh d’fheirmeoireacht agus le breosla a shaothrú. Bhí an péine Albanach níos goilliúnaí ná crainn eile mar nach nglacann sé le bunscoitheadh. Faoin mbliain 1550 AD ceapadh go raibh an péine Albanach díothaithe ón oileán.