Cé gur ceapadh gur díothaíodh an péine Albanach dúchasach ón tír, tá fianaise tagtha chun solais nach bhfuil sé sin amhlaidh nuair a déanadh anailís ar thaifead phailin ó miondhíseart de chrainn phéine i gContae an Chláir. Cé go raibh meath soiléir i bpailin an chrainn timpeall 1,550 bliain ó shin, chonaic luibheolaithe ardú i líon na pailine ina dhiaidh sin. Léirigh sé seo nár díothaíodh na crainn péine ón áit sin. Táthar anois ag bailiú síolta ó na crainn dhúchasacha seo agus ag scaipeadh stoc géiniteach dúchasach an phéine Albanaigh arís.