An Péine Albanach — “Is le chéile i…”

Is le chéile i bpéirí a fhásann na duilleoga spíonlacha, righin, a bhíonn ar an bpéine Albanach. Is dath glas dorcha a bhíonn orthu ach tugann na línte stómaí (na poill bheaga a éascaíonn malartú gáis) ar na duilleoga scáil ghorm nó liathghorm don duilliúr. Is tréith uathúil í seo a bhíonn ag an bpéine Albanach.