Táthar ag maíomh go mbeidh drochthionchar ag an athrú aeráide ar an bpéine Albanach. Ceapfar go mbeidh fás laghdaithe, agus ráta marthanais níos ísle, ag crainn phéine atá ó dheas den líne dhomhanleithid 62N, fiú má bhíonn ardú measartha i dteocht na haeráide. Beidh tionchar thar na bearta aige seo ar an timpeallacht agus ar an gcine daonna, i bhfianaise an méid crann den speiceas seo atá ag fás ar fud an Leathsféir Thuaidh.