An Phoibleog Dhubh Atlantaigh — “Ní fios fós ar…”

Ní fios fós ar crann dúchasach í an phoibleog dhubh Atlantaigh in Éirinn. Glacadh leisle fada gur tugadh isteach an crann ón mBreatain. Ach tosaíodh ag ceistiú na teoirice seo nuair a aimsíodh os cionn 300 poibleog dhubh Atlantaigh i suirbhé ar bhruacha na Sionainne agus ar bhruacha na Life ag tús na 1990idí. Ó shin, fuarthas amach gur Populus x canadensis a bhí in aon trian díobh siúd. Anuas ar sin, is léir nach bhfuil mórán éagsúlachta sa gcomhdhéanamh géiniteach sna poibleoga dubha Atlantaigh atá ag fás go fiáin i lár na hÉireann. Tugann sé sin le fios go mb’fhéidir gur cuireadh iad i bhfad siar.