An Roithleog — “Bhí géaga na roithleoige…”

Bhí géaga na roithleoige in úsáid san Aifreann ar Dhomhnach an Iúir in áiteanna ar leith in Éirinn. Bhí an úsáid chéanna á baint as géaga de roinnt crann agus sceacha eile, ag brath go minic ar céard a bhí ar fáil agus ag fás sa gceantar áitiúil. Is ó adhmad na roithleoige a déanadh an luaith do Chéadaoin an Luaithrigh in Acaill. Arís, b’fhéidir gur bhain sé níos mó leis an nganntan crann ar an oileán ná le haon bhuntáiste ar leith a bhí ag luaith na roithleoige thar aon phlanda eile.