Dhóití adhmad na roithleoige—ba bhuntáiste breise ab ea an boladh cumhraithe ón deatach agus an t-adhmad á dhó. D’úsáidtí an roithleog chun boladh cumhra a chur ar línéadach, agus chun leamhain a choinneáil uathu. Chuirtí é i leapacha in iarthar Chorcaí le ruaig a chur ar dhreancaidí. Ceaptar go mb’fhéidir go raibh an roithleog á húsáid mar dhíbholaíoch ag na Lochlannaigh.