Is ó fhocal Gréigise a chiallaíonn ‘cumhra’ a thagann an t-ainm Myrica in ainm eolaíoch na roithleoige. Cé nach bhfuil mórán plandaí eile in Éirinn leis an oiread sin ainmneacha éagsúla orthu, ní léir gur thug an sceach mórán de na hainmneacha seo do logainmneacha na hÉireann. Tá Ciob Roideoige (Cíb na Raideog) i gContae Mhuineacháin agus deir Williams gur Crois na Roideog an seanainm a bhí ar Chrois Chúil Aodha, Contae Chorcaí.Seachas sin, ní fheictear go bhfuil mórán áiteanna eile ainmnithe in ómós an phlanda suntasach seo.