Go stairiúil, dhéantaí cléibh, ciseoga, ciseáin, potaí gliomaigh, agus neart rudaí eile le géaga ó shaighleánaigh. Cé gur mó éilimh a bhí ar an saighleánach i gceird na caoladóireachta, bhaintí úsáid as an gcoll, as fraoch, nó fiú as driseacha mura mbeadh an dara rogha ag an gcaoladóir.