An tAiteal — “Cheal ábhar eile, d’úsáidtí…”

Cheal ábhar eile, d’úsáidtí craobhacha aitil le linn searmanais Dhomhnach na Pailme (Domhnach an Iúir) in Árainn in ionad an iúir, nach raibh ag fás ar an oileán, agus d’fhulaing na crainn go mór dá thoradh. Ní raibh dé ar an bplanda in Inis Oírr in 1893 nuair a thug Nathaniel Colgan cuairt ar an oileán. Tá sé fós ag fás ar an dá oileán eile.