Deirtear gur ón deoch jin, a dhéantar le torthaí an aitil, a tháinig an nath Béarla Dutch courage, nuair a thosaigh saighdiúirí Shasana ag déanamh aithrise ar na Dúitsigh a bhí ól jin roimh chathanna sna Cogaí Angla-Dúitseacha sa 17ú haois. Déantar fíon agus beoir as torthaí an aitil freisin.