Seachas gur dhá sceach shíorghlas, dheilgneach iad an t-aiteal agus an t-aiteann (Ulex spp.), ní bhreathnaíonn an dá phlanda cosúil lena chéile. Ach luaitear an t-ainm ‘aiteann’ agus focail chomhchosúla leis an aiteal. Tugtar ‘aiteanach’ (nó ‘aiteannach’) ar an aiteann agus ar an aiteal, glaoitear ‘caora aiteanaigh’ (agus ‘caor aitinn’) ar bhuaircíní an aitil, i nDún na nGall. Tá ‘aitinn’, ‘aitiunn’ agus ‘aiteil’ ar an aiteal i nGaeilge na hAlban freisin.