In áiteanna in Éirinn, thugadh an buachaill is sine sa teach craobh aitinn isteach Oíche Bhealtaine agus d’fhágtaí faoi rachtaí an dín é ar feadh bliana le go mbeadh rath agus ádh ar an teaghlach. Deirtear go raibh mí-ádh ag baint leis an aiteann in Éirinn freisin. In áiteanna eile is ag troid ar feadh bliana a bheidh muintir an tí i dá dtabharfaí aiteann isteach sa teach Oíche Bhealtaine — moladh sceach gheal a thabhairt isteach más ádh (agus síocháin) a bhí de dhíth.