Is torthaí oscailteacha (dehiscent) a bhíonn ag an aiteann, faighneog bheag dhonn ina mbíonn idir 1 agus 7 síol donn inti. Forbraítear na síolta taobh istigh den bhfaighneog. Tosaíonn an fhaighneog ag triomú, agus cuireann sé seo strus ar an dá thaobh den fhaighneog go dtí go bpléascann sí, ag caitheadh na síolta amach ón bplanda.