Níl an oiread sin béaloidis faoin aitinn agus a bheifí ag súil leis, i bhfianaise an méid úsáide a bhaintí as an sceach. Lastaí craobh aitinn agus chuirtí faoi útha na bó é Oíche Bealtaine le cosaint a thabhairt don ainmhí ón olc. In áiteanna eile thiomáintí beithígh idir dhá chraobh lasta (thugtaí scotháin orthu), nó bhuailtí na hainmhithe leo. B’fhéidir gur aiteann a úsáideadh mar go bhfuil sé níos inlasta ná craobhacha sceacha eile, mar gheall ar na géaga feoite a bhíonn ar an gcraobh.