Níltear cinnte cén fáth a bhfuil an t-aiteann gallda chomh fairsing in Éirinn. Ceaptar go raibh réimse fáis an aitinn sa mBreatain sách teoranta sular tosaíodh ag gearradh foraoisí na tíre sa Tréimhse Neoiliteach, agus b’fhéidir go raibh an rud céanna amhlaidh in Éirinn. Ceaptar freisin gur scaipeadh an t-aiteann gallda ar fud na tíre mar go raibh an oiread sin tóir air mar phlanda a d’fhéadfaí a shaothrú.