Aimsíodh an t-aon dá chineál d’iúr uasfhásmhar ar a dtugtar an t-iúr Éireannach i bhFear Manach beagnach 300 bliain ó shin. Ach ní fios cárbh as a dtáinig na cineálacha uathúla seo d’iúr, ná cén fáth ar shocraigh siad fás ar shliabh uaigneach i bhFear Manach. Ó aimsíodh an dá chrann sin san 18ú haois, níor facthas ceann dá leithéid ag fás fiáin in aon áit, ar fud an domhain. Is ó cheann amháin den dá chrann sin, nó óna shliocht, a tháinig gach iúr Éireannach sa domhan inniu.