An tSaileach Liath — “Fásann an tsaileach liath…”

Fásann an tsaileach liath in oirthuaisceart an oileáin den chuid is mó. Breathnaíonn sí an-chosúil leis an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia), ceann de na saileacha is fairsinge in Éirinn. Tugtar an tsaileach liath uirthi mar gheall ar dhath liath na ribí gruaige a bhíonn ar thaobh íochtarach na nduilleog.