An Dair Ghaelach
Quercus petraea
Déanann crainn dharacha lánfhásta ceannbhrat oscailte a scaoileann solas síos go sraith talún na coille, a théann chun sochair bláthanna coille an earraigh—coinnle corra, sailchuachanna, creabhanna, agus neadacha coille, ina measc. Is foinse bheatha freisin iad na feithidí a mhaireann ar an gcrann d’éin agus do chreachadóirí eile. Amhail crainn eile, saibhríonn duilleoga lofa an chrainn an ithir.