Tá na collchnónna inite i measc na gcnónna is mó tóir sa domhan. Is foinse mhaith saille (beagnach 70% i saothróga éagsúla) agus próitéine iad. Tá vitimíní tábhachtacha iontu freisin, vitimín E (don chóras imdhíonachta) agus vitimín B9 (go maith don fhuil) san áireamh. Is foinse mhaith ghairbhsí iad freisin. Maítear gurb iad collchnónna an fhoinse bhia plandabhunaithe ab fhairsinge, agus ab fhearr ó thaobh cothaithaigh de, a bhí ar fáil i gcoillte na hÉireann d’fhiagaithe cnuasaitheoirí le linn na tréimhse réamhstairiúla.