D’úsáidtí an roithleog sa gCríoch Lochlann mar leigheas ar an víreas, Herpes zoster, agus léiríonn taighde go bhfuil tréithe frithvíreasacha ag an roithleog a thacaíonn leis sin. D'úsaidtí an planda in áiteanna eile do scornach tinn, do dheacrachtaí duáin, agus don bhruitíneach. Thugtaí sú an phlanda do ghasúir freisin leis an ruaig a chur ar phéisteanna.