An Dair Ghaelach
Quercus petraea
Is iondúil go mbíonn crann darach ar a laghad 20-40 bliain sula dtairgeann sí barr mór dearcáin, agus bíonn bliain mheasa - bliain ar leith i saolré an chrainn ina dtáirgeann sí go leor dearcán - ag an dair gach 3-7 bliain. I mblianta nach blianta measa iad, d’fhéadfaí nach mbeadh dearcán ar bith ar an dair.